35.0 [free]

ソフトウェア

Bronnadh and Séala Eorpach Teanga 2019 ar an tinscadal Labhair Gaeilge Liom agus Gaeilg'Aip/GaelGoer.
De réir tuairiscí ar an nGaeilge le déanaí, ceann de na fáthanna nach labhrann cainteoirí Gaeilge an teanga lena chéile is ea nach n-aithníonn siad a chéile go héasca.

Thástálamar an hipitéis seo le triail choicíse i ndeich gcinn de shiopaí i mBaile Átha Cliath ina raibh cainteoirí Gaeilge ag obair. Le linn na coicíse chaith oibrithe
suaitheantas a raibh ‘Labhair Gaeilge Liom’ scríofa air. Choimeádadar taifead ar líon na gcustaiméirí a labhair Gaeilge leo thar an dá sheachtain. Is é an toradh a
fuaireadar ná gur labhair ó dhuine amháin go seachtar Gaeilge leo gach lá.

Tá cainteoirí Gaeilge i ngach cearn den domhan anois. Chinn foireann an tionscadail ar aip a fhorbairt le caoi a sholáthar do chainteoirí Gaeilge cumarsáid a bheith acu lena
chéile. Chuireadar suirbhé ar Survey Monkey lena fháil amach ar shuim le cainteoirí Gaeilge a leithéid d’aip agus cad é ar mhaith leo go soláthródh an aip dóibh. Tháinig
freagraí ar an suirbhé ó chainteoirí ar fud an domhain, agus is é an toradh ná ’Ar aghaidh leis an Aip’. Chomh maith le sin fuaireamar go leor moltaí úsáideacha maidir lena
bhféadfaí a dhéanamh leis an aip.

バージョン履歴

Free Download ダウンロードする二次元コード
  • ソフトウェアの名称:
  • ソフトウェアカテゴリ: 通信
  • APK名: com.apps.gaelgoer_app
  • 最新バージョン: 35.0
  • サポートROM: 5.0 以上
  • ファイルサイズ : 13.45 MB
  • 更新した: 2024-03-25